An Dioplóma sa Ghaeilge B2
Forléargas ar an gCúrsa
Tá sé mar chuspóir ag an Dioplóma sa Ghaeilge (Leibhéal B2) forbairt agus buanú a dhéanamh ar scileanna teanga an mhic léinn a bhfuil eolas áirithe ar an nGaeilge aige nó aici. Déanfar é seo trí úsáid a bhaint as gníomhaíochtaí cumarsáideacha nuálacha agus úsáidfear ábhar dílis (is é sin, cláir theilifíse, cláir raidió, nuachtáin, etc.) ionas go bhfaighidh an mac léinn léargas ar ghnáthúsáid laethúil na Gaeilge.
Iarratais agus roghnúchán
Riachtanais agus measúnú
Cad a deir ár mic léinn

Ronan Loughney | Dioplóma sa Ghaeilge
Tar éis dom críochnú ar scoil bhí leibhéal maith Gaeilge agam. Bhí múinteoir an-mhaith agam agus chaith mé trí shamhradh i gColáiste Chiaráin mar scoláire. Ina dhiaidh sin d’iarr siad ar ais mar chúntóir mé. Tháinig feabhas mór ar mo chuid Gaeilge an samhradh sin mar go raibh deis agam a bheith i gcomhrá go rialta le daoine a raibh leibhéal ard Gaeilge acu. Mar a tharlaíonn bhí tréimhse ansin ann nuair nach raibh deis agam mórán Gaeilge a labhairt. Ach ansin le linn dom a bheith ag imirt d’fhoireann rugbaí Chonnacht dúirt duine eile de na himreoirí go raibh sé ag smaoineamh ar chlárú ar an Dioplóma agus chinn mé go mbeadh sé iontach an deis sin a thapú leis an nGaeilge a chleachtadh níos rialta. Bhí mé níos sine ag tabhairt faoin Dioplóma sa Ghaeilge, agus thug mé níos mó aird ar an teagasc ná mar a rinne mé agus mé ar scoil agus fuair mé tuiscint níos fearr ar an teanga. Tá sé iontach a bheith in ann an méid a d’fhoghlaim mé ar an Dioplóma a úsáid agus mo chuid eolais rugbaí a roinnt ar an bpobal agus mé i m’anailísí le Rugbaí Beo ar TG4.
Íoslódálacha
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Ateangaireacht Chomhdhála) PDF (163 KB)
-
MA (Léann an Aistriúcháin) Aistriú Téacsanna / Fotheidealú PDF (140 KB)
-
Teastas Iarchéime (Léann an Aistriúcháin) PDF (182 KB)
-
Réamheolaire Fochéime 2025 PDF (1.8 MB)
-
MA / Dioplóma Iarchéime (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin) PDF (198 KB)
-
Ard-Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach PDF (218 KB)
-
An Dioplóma sa Ghaeilge PDF (275 KB)
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Léann Teanga) PDF (181 KB)
-
Teastas Iarchéime Ardscileanna Gaeilge do Mhúinteoirí PDF (185 KB)
-
Dioplóma sa Chultúr Dúchais PDF (200 KB)
-
Dioplóma sa Phleanáil agus Buanú Teanga PDF (205 KB)
-
International Students PDF (154 KB)
-
Ranganna Foirne PDF (296 KB)
-
Aistriúchán Closamhairc (Teastas Iarchéime) PDF (168 KB)